Staidéar agus Athbhreithniú Leantach ar Chur i bhfeidhm Shonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 & T2). Tuarascáil Eatramhach: Céim a Dó. A Study and Continuing Review of the Implementation of Junior Cycle Irish Specifications (T1 & T2). Interim Report: Phase Two.

Aisling Ní Dhiorbháin, Sarah O’Grady · Dublin City University Open Access Institutional Repository (Dublin City University) · 2026

Is í seo an dara tuarascáil eatramhach a bhaineann leis an Athbhreithniú Leantach ar Chur i bhFeidhm Shonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 & T2). I mí Mheán Fómhair 2023 choimisiúnaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) foireann taighdeoirí ó SEALBHÚ: Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge chun tabhairt faoin taighde seo. Is staidéar trí bliana atá sa taighde atá ag tógáil ar na sonraí a d’eascair ón Athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach (Mac Gearailt & Ó Duibhir, 2023). Cuirtear téamaí éiritheacha ó Chéim a Dó (2024/2025) den staidéar trí bliana i láthair sa tuarascáil seo. Is dearadh taighde modhanna measctha ilghnéitheach atá sa taighde a bhfuil sé mar aidhm aige staidéar agus athbhreithniú leantach a dhéanamh ar chur i ngníomh Shonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 agus T2) i scoileanna iar-bunleibhéil i réimsí an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe. This is the second interim report associated with the Study and Continuing Review of the Implementation of Junior Cycle Irish Specifications (T1 & T2). The National Council for Curriculum and Assessment (NCCA) commissioned a team of researchers from SEALBHÚ: DCU Research Centre for the Learning and Teaching of Irish to undertake this research in September 2023. The research is a three-year study building on the data arising from the Early enactment review of Junior Cycle Irish L1 and L2 (Mac Gearailt & Ó Duibhir, 2023). This report presents emerging themes from Phase Two (2024/2025) of the three-year study. The research has a mixed methods multi-dimensional design which aims to conduct a study and ongoing review of the enactment of Junior Cycle Irish Specifications (T1 and T2) in post-primary schools in the areas of teaching, learning and assessment.

Read the paper · More papers on PaperTik